← "Nuair a bhíos agat," a deireadh sí, "níor choimeád tú mé." 🔊✎
← "Nár chóir go gcuirfeá smacht ar na gadhair sin agat!" 🔊✎
← "Sea, a Fhinn Mhic Chumhaill," a dúirt sé, "an bhfuil aon scéal agat ag imeacht nach raibh agat ag teacht?" 🔊✎
← D'fhiafraigh sé de: "cé hí an bhean óg, í siúd a bhí ag an ndoras nuair a ghabhamar isteach go ndeireadh an duine críonna léi: "is trua nach liom tú", agus gurb é an freagra a thugadh sí air ná `nuair a bhíos agat níor choimeád tú mé?' 🔊
← "Sin í an óige", arsa an Fairceallach, "agus d'inis sí an ceart duit, mar nuair a bhí sí agat," a dúirt sé, "lig tú uait í agus tá tú críonna, caite, claoite anois." 🔊✎
← Seo é a deireadh sí leis an bhfear óg: "Táim agat anois agus coinnigh mé!" 🔊